Duais Iriseora an AE 2008
Comórtas ag leibhéal an AE faoi idirdhealú agus éagsúlacht atá oscailte d’iriseoirí nuachtáin agus ar líne
Tugann Duais Iriseora 2008 “Ar Son na hÉagsúlachta. In Aghaidh an Idirdhealaithe.” onóir d’iriseoirí a chabhraíonn leis an bpobal tuiscint níos fearr a fháil ar thairbhí na héagsúlachta agus ar an troid i gcoinne an idirdhealaithe sa tsochaí trí mheán a gcuid oibre. Iarrtar ar iriseoirí nuachtáin agus ar líne sna 27 Ballstát den AE ailt a chur isteach faoi shaincheisteanna a bhaineann le hidirdhealú nó éagsúlacht ar fhorais bunúis chine nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, aoise, míchumais agus claonta ghnéasaigh.
Moltar d’iriseoirí ach go háirithe feasacht a mhúscailt ar éagsúlacht san fhostaíocht agus ar idirdhealú ar ilfhorais.
Roghnóidh gairmithe meán cumarsáide agus saineolaithe frith-idirdhealaithe 27 buaiteoir duaise náisiúnta. Ansin, roghnóidh coiste an AE buaiteoir an chomórtais ag leibhéal an AE, le cois na daoine sa dara agus sa tríú háit. Déanfar iontrálacha a mheas de réir a luacha nuachta, a n-ábharthachta, chastacht an taighde agus an ullmhúcháin, a n-úrnuachta agus a gcruthaitheachta, agus a dtionchar ar an bpobal i gcoitinne.

