Duaiseanna Eorpacha
Gheobhaidh buaiteoir an chomórtais Eorpaigh agus na daoine sa dara agus sa tríú háit duaiseanna de luach €4,500, €3,000 agus €2,000 faoi seach.
Is éard a bheidh i gceist leis na duaiseanna ná gníomhaíochtaí nó trealamh a roghnófar ón liosta seo a leanas:
• Rannpháirtíocht i gcomhdháil nó seimineár faoi idirdhealú san AE
• Turas chuig an mBruiséil chun bualadh le hoifigigh ábhartha an AE, FPEanna agus páirtithe leasmhara eile
• Trealamh leictreonach chun cabhrú le hobair an iriseora
Beidh rogha eile ag buaiteoir gach duaise freisin, is é sin airgead comhionann le luach na duaise a thabhairt d’Eagraíocht Neamhrialtasach a oibríonn go gníomhach chun cur i gcoinne an idirdhealaithe a ndéantar cur síos air ina (h)iontráil.
Maidir leis an Duais Speisialta ar na Romaigh, gheobhaidh buaiteoir an chomórtais Eorpaigh duais de luach €2,500.

