ENTRY FORM

Diversity


DISCLAIMER

1. Inneachar ar Líne

Níl an t-údar freagrach as tráthúlacht, cirte, iomláine nó cáilíocht na faisnéise a chuirtear ar fáil. Mar sin, ní ghlacfar le héilimh dliteanais i ndáil le dochar a bhfuil úsáid aon fhaisnéise a chuirtear ar fáil ina cúis leis, lena n-áirítear aon fhaisnéis nach bhfuil iomlán nó atá mícheart.

Níl na tairiscintí ceangailteach agus tá siad uile gan oibleagáid. Féadfaidh an t-údar codanna de na leathanaigh nó an foilseachán uile, lena n-áirítear na tairiscintí agus an fhaisnéis uile a leathnú, a athrú nó a scriosadh i bpáirt nó go hiomlán gan fhógra ar leithligh.

 

2. Tagairtí agus naisc

Níl an t-údar freagrach as aon inneachar a nasctar leis nó a dtagraítear dó óna leathanaigh – ach amháin má tá sé/sí ar an eolas go hiomlán faoi inneachar mídhleathach agus dá mbeadh sé ar a c(h)umas cosc a chur ar chuairteoirí ar a láithreán gréasáin na leathanaigh sin a fheiceáil. Má tharlaíonn aon damáiste mar gheall ar úsáid a bheith bainte as an bhfaisnéis a chuirtear i láthair ann, ní fhéadfaidh ach údar na leathanach i gceist faoi seach a bheith faoi dhliteanas; níl an duine a nasc leis na leathanaigh sin faoi dhliteanas. Lena chois sin, níl an t-údar freagrach as aon phostálacha nó teachtaireachtaí foilsithe ag úsáideoirí boird díospóireachta, leabhair aíonna nó liostaí seoltaí curtha ar fáil ar a leathanach.

 

3. Cóipcheart

Bhí sé beartaithe ag an údar gan aon ábhar faoi chóipcheart a úsáid don fhoilseachán, nó mura raibh sé sin indéanta, cóipcheart na míre faoi seach a lua. Má fhaigheann tú aon mhír atá cosanta ag cóipcheart gan lua cóipchirt léi, ní raibh an t-údar in ann an cóipcheart a dheimhniú. I gcás sáraithe cóipchirt neamhbheartaithe den chineál seo, bainfidh an t-údar an mhír den fhoilseachán, nó ar a laghad, luafaidh sé/sí an mhír leis an gcóipcheart cuí i ndiaidh dó sin a bheith curtha in iúl dó/di.

Tá gach ceart ar cosaint i ndáil le cóipcheart láithreán gréasáin Dhuais Iriseora 2008. Féadfar an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo a úsáid go hoscailte agus a chóipeáil chun críocha neamhthráchtála ar choinníoll go n-aithneofar an fhoinse.

 

4. Cumhacht dhlíthiúil an tséanta seo

Ní mór glacadh leis an séanadh seo mar chuid den fhoilseachán idirlín ar a bhfuair tú an tagairt dó. Má tharlaíonn sé nach bhfuil codanna nó foirmlí aonair den téacs seo dlíthiúil nó i gceart, ní rachaidh sé sin i gcion ar inneachar nó bailíocht na gcodanna eile.

 

5. Sonraí pearsanta

Cosnaítear sonraí pearsanta faoi Threoir 95/46/CE ón AE maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí dá leithéid.

Mar sin, tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta agus athruithe a dhéanamh orthu más gá. Chun do shonraí pearsanta (e.g. seoladh ríomhphoist) a mhodhnú nó a sheiceáil, seol ríomhphost, le do thoil, chuig stop-discrimination@stop-discrimination.info

Ní choinnítear sonraí pearsanta ach chun críche chomórtas Dhuais Iriseora 2008.

Ní nochtfar sonraí pearsanta do thríú páirtithe gan toiliú an duine i gceist.

Ní choinneofar sonraí ach ar feadh na tréimhse is gá chun comórtas 2008 a thabhairt chun críche.

Tá bearta slándála leordhóthanacha curtha i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a chosaint ó mhí-úsáid fhéideartha nó rochtain neamhúdaraithe a mhéid is indéanta.

Má tá aon fhiosrú nó gearán agat, déan teagmháil, le do thoil, le stop-discrimination@stop-discrimination.info