Is é seo an cúigiú bliain ina mbronnfar an Duais seo, a thugann onóir d’iriseoirí ar líne nó iriseoirí nuachtáin san AE a chabhraíonn leis an bpobal tuiscint níos fearr a fháil ar thairbhí na héagsúlachta agus ar an troid i gcoinne an idirdhealaithe trí mheán a gcuid oibre.
Tá an comórtas ar oscailt d’iriseoirí san AE a scríobhann faoi shaincheisteanna a bhaineann le hidirdhealú ar fhorais bunúis chine nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, aoise, míchumais agus claonta ghnéasaigh.
Tá Duais Speisialta ar na Romaigh san áireamh i gcomórtas na bliana seo toisc gur pobal iad a fhulaingíonn foréigean ciníoch, fuathchaint agus idirdhealú maidir le rochtain a fháil ar fhostaíocht, oideachas, cúram sláinte agus seirbhísí poiblí agus sóisialta go minic.
Tá an Duais Iriseora ar ghníomhaíocht phríomhúil de chuid an fheachtais faisnéise “Ar Son na hÉagsúlachta. In Aghaidh an Idirdhealaithe.” a reáchtálann Ard-Stiúrthóireacht Fostaíochta, Gnóthaí Sóisialta agus Comhdheiseanna an Choimisiúin Eorpaigh.
Oibríonn an feachtas sna 27 Ballstát den AE chun feasacht ar idirdhealú agus ar an reachtaíocht atá ann chun dul ina ghleic a mhúscailt, agus chun na tairbhí a bhaineann le héagsúlacht a chur chun cinn.
Oibríonn sé chun dul i ngleic le hidirdhealú bunaithe ar chine nó bunús eitneach daoine i réimsí uile an tsaoil (atá eisreachtach faoin Treoir um Chomhionannas Cine, 2000) agus bunaithe ar aois, míchumas, claonadh gnéasach agus reiligiún nó creideamh san ionad oibre (atá eisreachtach mar gheall ar an Treoir um Chomhionannas Fostaíochta, 2000).
Tá an feachtas maoinithe trí mheán PROGRESS, clár fostaíochta agus dlúthpháirtíochta sóisialta an AE.